Eaxodus 12:1-51
12 Dúirt an Tiarna le Maois agus Árón i gcríocha na hÉigipte:
2 “Bíodh an mhí seo agaibh ar thús bhur míonna agus ina chéad mhí den bhliain agaibh.
3 Labhraígí le comhthionól Iosrael go léir agus abraigí:
Ar an deichiú lá den mhí seo, tógadh gach fear uan ón tréad, ceann do gach clann, uan do gach líon tí.
4 Má bhíonn an líon tí róbheag chun an t-uan a ithe, caithfidh an fear dul i gcomhar lena chomharsa béal dorais de réir mar a éilíonn líon na ndaoine. Ag comhaireamh líon ite an uain caithfidh sibh goile gach duine a mheas.
5 Ní foláir an t-uan agaibh a bheith gan mháchail, fireann agus in aois bliana; is cuma an meannán nó uan caorach a thógfaidh sibh.
6 Ní foláir daoibh é a choimeád go dtí an ceathrú lá déag den mhí seo nuair a mharóidh comhthionól uile Iosrael a n-uain idir dhá sholas tráthnóna.
7 Ansin tógfaidh siad cuid den fhuil agus cuirfidh siad í ar dhá ursain agus ar fhardoras na dtithe ina mbíonn sé á ithe acu.
8 Íosfaidh siad an fheoil an oíche sin arna róstadh ar thine; beidh arán gan ghabháile agus luibheanna searbha mar anlann léi.
9 Ná hithigí aon chuid de amh ná bruite in uisce, ach rósta ar thine—idir cheann agus chosa agus ionathar.
10 Ná fágaigí aon fhuílleach de gan ithe go maidin; a mbeidh gan ithe go maidin, loiscigí é [agus ní bhrisfidh sibh cnámh ann].
11 Seo mar a bheidh sibh agus sibh á ithe: crios faoi bhur gcoim, agus cuaráin ar bhur gcosa, agus bata in bhur láimh. Ithigí é faoi dheifir. Is Cáisc in onóir an Tiarna é.
12 Gabhfaidh mé trí thír na hÉigipte an oíche sin agus buailfidh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte idir dhuine agus ainmhí; imreoidh mé daorbhreith ar dhéithe uile na hÉigipte; mise an Tiarna!
13 Beidh an fhuil ina comhartha agaibh ar na tithe ina bhfuil sibh. Nuair a fheicfidh mé an fhuil gabhfaidh mé tharaibh agus ní thitfidh aon phlá oraibh do bhur scrios nuair a bhuailfidh mé talamh na hÉigipte.
14 Beidh an lá seo agaibh mar lá cuimhneacháin, agus ní foláir daoibh é a cheiliúradh mar shollúin don Tiarna. Ní foláir daoibh é a fhógairt ina lá féile ó ghlúin go glúin go deo.
15 Caithfidh sibh arán gan ghabháile a ithe ar feadh seacht lá. An chéad lá cuirigí an ghabháile go léir as bhur dtithe amach; mar cibé duine a íosfaidh arán ina bhfuil gabháile, ón gcéad lá go dtí an seachtú lá, teascfar amach ó Iosrael é.
16 Agus an chéad lá beidh comhthionól naofa agaibh agus comhthionól naofa mar an gcéanna ar an seachtú lá. Ná déantar aon scaob oibre na laethanta sin, ach gur féidir daoibh cibé rud a íosfaidh gach duine a chóiriú.
17 Ní foláir féile an Aráin gan Ghabháile a cheiliúradh mar gur ar an lá ceannann céanna sin a thug mé bhur sluaite amach as críocha na hÉigipte; uime sin déanfaidh sibh an lá seo a cheiliúradh ó ghlúin go glúin; is reacht nach gclaonfar é sin.
18 Sa chéad mhí, tráthnóna an cheathrú lá déag den mhí agus uaidh sin go dtí tráthnóna an aonú lá fichead, íosfaidh sibh arán gan ghabháile.
19 Ar feadh seacht lá ní bheidh teacht ar ruainne gabháile in bhur dtithe, mar má itheann aon duine arán ina bhfuil gabháile, teascfar amach ó chomhthionól Iosrael an duine sin, bíodh sé ina dheoraí nó ina dhúchasach.
20 Níl cead agaibh aon arán ina bhfuil gabháile a ithe; cibé áit ina mbíonn sibh, caithfidh sibh arán slim a ithe.”
21 Ghairm Maois chuige seanóirí Iosrael go léir agus dúirt leo: “Seo libh agus tógaigí uain ón tréad daoibh féin de réir bhur líon tí agus maraígí an t-uan Cásca.
22 Gabhaigí craobh hiosóipe in bhur láimh, tumaigí í san fhuil atá san umar agus buailigí an fhuil ón umar ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, ná téadh duine agaibh thar dhoras a thí amach go maidin.
23 Óir gabhfaidh an Tiarna thar bráid chun na hÉigiptigh a mharú; agus nuair a fheicfidh sé an fhuil ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, rachaidh an Tiarna thar bhur ndoras agus ní ligfidh sé don scriostóir dul isteach in bhur dtithe d’fhonn bhur mbásaithe.
24 Coimeádfaidh sibh an searmanas seo mar reacht daoibh féin agus do bhur gclann go brach.
25 Nuair a shroichfidh sibh an tír atá ag an Tiarna á thabhairt daoibh, mar a gheall sé, ní foláir daoibh an searmanas seo a chomhlíonadh.
26 Agus nuair a chuirfidh bhur gclann an cheist chugaibh: ‘Cad is ciall leis an searmanas seo agaibh?’
27 déarfaidh sibh: ‘Is é íobairt Chásca an Tiarna é mar ghabh sé thar thithe chlann Iosrael san Éigipt, nuair a mharaigh sé na hÉigiptigh ach gur chaomhnaigh sé ár dtithe.’” Agus chrom na daoine a gceann agus rinneadar ómós.
28 D’imigh clann Iosrael ansin agus rinneadar amhlaidh; de réir mar a d’ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d’Árón is ea a rinneadar.
29 I lár na hoíche bhuail an Tiarna gach céadghin i dtír na hÉigipte, ó chéadghin Fhorainn, oidhre a chorónach, go céadghin an chime sa charcair agus gach céadghin de chuid an eallaigh.
30 D’éirigh Forann agus a shearbhóntaí go léir agus na hÉigiptigh go léir san oíche agus tharla uaill olagóin san Éigipt mar ní raibh teach gan marbh ann.
31 Chuir sé fios ar Mhaois agus ar Árón san oíche agus dúirt leo: “Éirígí láithreach, sibh féin agus clann Iosrael, agus amach libh ó mo mhuintirse; imigí agus déanaigí íobairt don Tiarna mar a d’iarr sibh.
32 Beirigí libh bhur dtréada agus bhur dtáinte mar a d’iarr sibh, agus buailigí bóthar! agus cuirigí beannacht ormsa chomh maith!”
33 Bhí na hÉigiptigh ag tathant ar an bpobal brostú agus imeacht as an tír gan mhoill mar gan sin a dúradar “tá an bás againn!”
34 Thug an pobal an taos leo gan gabháile a bheith curtha ann, agus a losaidí ceangailte ina mbrait ar a nguaillí acu.
35 Bhí rud déanta ag clann Iosrael ar Mhaois chomh maith, mar d’iarradar seoda airgid agus óir agus éadaí ar na hÉigiptigh.
36 Thug an Tiarna oiread sin fabhair don phobal i súile na nÉigipteach gur ligeadar leo gach ar iarradar. Chreachadar na hÉigiptigh ar an gcuma sin.
37 Chuir clann Iosrael chun siúil ó Ramasaes go Sucót—sé chéad míle fear díobh dá gcois, seachas mná agus miondaoine.
38 Ghabh a lán daoine de gach sórt ina dteannta, agus a lán stoic idir thréada agus tháinte.
39 Bhácáladar builíní den taos slim a thugadar leo as an Éigipt; bhí an taos gan ghabháile mar gur tiomáineadh as an Éigipt iad agus gan d’uain acu fanacht, agus gan lón bóthair a sholáthar dóibh féin.
40 Ceithre chéad agus deich mbliana fichead an fad a bhí caite ag clann Iosrael san Éigipt.
41 An lá ceannann céanna ar a raibh an ceithre chéad agus deich mbliana fichead slán, d’imigh sluaite uile an Tiarna amach as tír na hÉigipte.
42 Rinne an Tiarna faire an oíche úd chun iad a thabhairt amach as an Éigipt; ní foláir dá bhrí sin do chlann Iosrael go léir ó ghlúin go glúin, faire a dhéanamh in onóir an Tiarna an oíche úd.
43 Dúirt an Tiarna le Maois agus Árón: “Seo é reacht na Cásca: Ná hitheadh aon eachtrannach aon chuid di;
44 ach aon daor a ceannaíodh ar airgead ní miste é a ithe coda di, ach é a bheith timpeallghearrtha.
45 Ní ceadmhach d’aon deoraí ná d’aon fhear tuarastail aon chuid di a ithe.
46 Itear an t-uan san aon teach amháin; ná tógtar aon chuid den fheoil lasmuigh den teach; ná brisigí aon chnámh ann.
47 Ní foláir do chomhthionól uile Iosrael an Cháisc a cheiliúradh.
48 Má bhíonn eachtrannach in bhur measc agus fonn air an Cháisc in onóir an Tiarna a cheiliúradh faraibh, déantar timpeallghearradh ar gach fireannach dá mhuintir, agus ansin tagadh sé agus ceiliúradh, mar is cuma nó dúchasach ansin é. Ní ceadmhach d’aon duine gan timpeallghearradh cuid di a ithe.
49 Beidh an dlí céanna i bhfeidhm don dúchasach agus don eachtrannach a lonnaíonn in bhur measc.”
50 Rinne clann Iosrael go léir de réir mar a d’ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d’Árón, rinneadar sin.
51 Agus an lá sin féin thug an Tiarna clann Iosrael amach as tír na hÉigipte ina sluaite cóirithe.