Eoin 3:1-36

3  Bhí ar na Fairísinigh duine darbh ainm Níocodaemas, uachtarán ar na Giúdaigh.  Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”  D’fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis,“mura nginfear duine athuairní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”  Dúirt Níocodaemas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d’fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?”  D’fhreagair Íosa: “Go deimhin féin a deirim leat,mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad,ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.  An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í;an ghin ón Spiorad is spiorad í.  Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat:‘Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.’  Séideann an ghaoth mar is áil léi.Is clos duit a glór,ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí.A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”  D’fhreagair Níocodaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis. 10  D’fhreagair Íosa: “Is oide in Iosrael thú,” ar sé leis, “agus nach eol duit na nithe sin! 11  Go deimhin féin a deirim leat,an ní is eol dúinn is air a labhraimid,agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise,ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise. 12  Má inis mé nithe talmhaí daoibh,agus nach gcreideann sibh,cén chaoi a chreidfidh sibh,má insím nithe neamhaí daoibh? 13  Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh,ach an té a tháinig anuas ó neamh,Mac an Duine [atá ar neamh]. 14  Faoi mar a d’ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach,sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú, 15  i dtreo, gach duine a chreideann ann,go mbeidh an bheatha shíoraí aige. 16  Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór singur thug sé a Aonghin Mic uaidhi dtreo, gach duine a chreideann ann,nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige. 17  Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saola chuir Dia a Mhac uaidh ar an saolach chun go slánófaí an saol tríd. 18  An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air,ach an té nach gcreideann ann,tá daorbhreith tugtha air cheana féin,mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin. 19  Agus an daorbhreith, is mar seo í:mar gur tháinig an solas isteach sa saol,agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solasde bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha. 20  Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc,bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas,le heagla go gcáinfí a ghníomhartha. 21  Ach an té a dhéanann an fhírinne,tagann sé chun an tsolais,chun go dtaispeáinfí gur i nDiaa rinneadh a ghníomhartha.” 22  Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus d’fhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste. 23  Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad. 24  Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair. 25  D’éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh. 26  Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: “A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige.” 27  D’fhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó ó neamh. 28  Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’ 29  An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile;ach cara an chéile,atá ina sheasamh ag éisteacht leis,tagann racht áthais air de bharr guth an chéile.An t-áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán. 30  Ní foláir dósan méadú, ach domsa laghdú. 31  An té a thagann anuas tá sé os cionn cách.An té atá ón talamh is ón talamh dóagus is dá réir a labhraíonn sé.An té a thagann ó neamh tá sé os cionn cách. 32  An rud a chonaic sé agus a chuala sé,déanann sé fianaise air,ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise. 33  An té a ghlacann a fhianaisechuir sé a shéala leis gur fírinneach é Dia. 34  Óir an té a chuir Dia uaidh,labhraíonn sé briathra Dé;mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad. 35  Tá grá ag an Athair don Mhacagus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige dó. 36  An té a chreideann sa Mhactá an bheatha shíoraí aige.Ach an té nach gcreideann sa Mhac,ní fheicfidh sé an bheatha,ach tá fearg Dé socair air.”

Fonótaí