Salm 120:1-7

Amhrán Oilithreach. 120  Ar an Tiarna a scairt mé nuair a bhí mé do mo bhuaireamh;agus d’éist sé liom.  A Thiarna, saor m’anam ar an mbéal urchóideach,agus ar an teanga chealgach.  Cad a imreoidh sé ort d’fhonn an comhar a íoc leat,a theanga chealgach?  Saigheada géara an churaidh chalma,agus sméaróidí dearga.  Is é mo dhíth bheith i mo chónaí i Meiseach;i bpubaill Chéadar.  Is fada atá m’anam ag lonnú leis an dreamar fuath leo an tsíocháin.  Nuair a labhraim ar son na síochána,tugann siad fúm gan fáth.

Fonótaí