Salm 139:1-24

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 139  Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé.  más luí dom, más suí dom, is eol duit é;is eol duit mo rún is mé i bhfad uait.  Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú;is eol duit mo shlite go léir.  Sula gcluintear focal ar mo theanga,a Thiarna, is eol duit ar fad é.  Imdhruideann tú ar chúl is ar bhéal mé;agus leagann tú do lámh orm de shíor.  Is ró-iontach, ró-uasal liom an t-eolas seo;agus téann sé thar m’acmhainn a thuiscint.  Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad?ná cá háit a dteithfidh mé ó do láthair?  Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham;má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin.  Má ghabhaim umam sciatháin na maidine,agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige, 10  ansin féin beidh do lámh do mo sheoladh;agus béarfaidh tú orm le do dheasláimh. 11  Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé,agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam, 12  ní dorcha leatsa an dorchacht:is comhsholas duit lá agus oíche. 13  Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé;agus a d’fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé. 14  Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis;de bhrí gurb éachtach iad d’oibreacha.B’eol duit go hiomlán m’anamsa; 15  níor ceileadh ort fiú amháin mo chreat,nuair a cumadh os íseal mé,gur múnlaíodh i mbroinn na talún mé. 16  Chonaic do shúile mo ghníomhartha;óir scríobhadh iad uile i do leabhar;agus cinneadh dom mo laethanta go léir,sular tháinig ceann amháin acu ann. 17  Nach diamhrach liom do chomhairlí, a Thiarna;má dhéanaim a gcomhaireamh ní thig liom a n-áireamh; 18  ní lia gaineamh na trá ná iad;dá mbeinn réidh leo bheinn farat go fóill. 19  Is mairg, a Dhia, nach scriosann tú na hurchóidigh;is mairg nach n-imíonn uaim fir na fola. 20  Óir déanann siad ceannairc i d’aghaidh go fealltach;agus tugann do naimhde mionna éithigh. 21  Nach fuath liom, do lucht fuatha, a Thiarna;nach déistin liom a n-éiríonn i d’éadan? 22  Is amhlaidh atá an ghráin shaolta agam orthu;dar liomsa is deargnaimhde dom iad. 23  Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí;déan mo thástáil, agus féach mo smaointe. 24  Féach an bhfuil drochslí á siúl agam;agus seol mé ar shlí na síoraíochta.

Fonótaí