Salm 33:1-22

33  Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana:is cóir moladh a thabhairt do dhaoine ionraice.  Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit;déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.  Canaigí amhrán urnua dó;canaigí go healaíonta is go hardghlórach dó.  Óir is dílis é briathar an Tiarna,agus is fírinneach a oibreacha go léir.  Carann sé an chóir agus an ceartagus líonann sé an talamh dá bhuanghrá.  Lena bhriathar a rinneadh na flaithis:le hanáil a bhéil na realtaí go léir.  Cruinníonn sé tonnta na mara mar a bheadh i mbuidéal,agus cuireann an dubhaigéan i dtaisce.  Bíodh eagla an Tiarna ar an domhan uile;bíodh urraim ag a maireann ar talamh dó.  Labhair sé agus rinneadh gach aon ní.D’ordaigh sé agus ráinig siad ann. 10  Cuireann sé comhairle na gciníocha ó rathagus beartas na náisiún ar neamhní. 11  Maireann comhairle an Tiarna go bráchagus a smaointe ó aois go haois. 12  Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia:an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin. 13  Bíonn an Tiarna ag féachaint anuas ó neamhagus breathnaíonn sé an Ádhamhchlann go léir. 14  Amharcann sé óna ionad cónaithear gach aon neach dá maireann ar talamh – 15  an té a chum a gcroíthe go léiragus a thugann a mbearta go léir dá aire. 16  Ní neart a shlua a thugann bua do rí;ní le teann nirt a tharrthaítear an laoch. 17  Ní hé an t-each a bhéarfaidh an bua;ní acmhainn dá neart neach ar bith a shaoradh. 18  Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal éagus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá, 19  chun a n-anam a shaoradh ón mbasagus iad a bheathú le linn gorta. 20  Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna;is é siúd ar gcabhair agus ár sciath; 21  is ann a ghairdíonn ár gcroí,is iontaoibh linn a ainm naofa. 22  Go dtaga do bhuanghrá orainn, a Thiarna,de réir an dóchais a chuirimid ionat.

Fonótaí