Salm 40:1-17

Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 40  [40:2] D’fhan mé go foighneach leis an Tiarnaagus chrom sé chugamgur éist sé le mo ghuí.  [40:3] Tharraing sé mé as díog na díthe,as láib an bhogaigh;chuir sé mo chosa ina seasamh ar charraigagus dhaingnigh mo choiscéimeanna.  [40:4] Chuir sé amhrán nua i mo bhéal:duan dár nDia.Feicfidh a lán é agus beidh eagla orthu,agus beidh a ndóchas sa Tiarna acu.  [40:5] Is aoibhinn don té a chuireanna dhóchas sa Tiarna;an té nach gcloíonn le huaibhrighná le déithe bréige.  [40:6] Nach iomaí sin éacht a rinne tú,a Thiarna is mo Dhia!Níl aon neach inchurtha leatsasna comhairlí a cheap tú dúinn.Dá mb’áil liom a n-insint nó a n-áireamhrachadh a gcomhaireamh díom.  [40:7] Íobairt ná ofráil níor thoil leat,ach d’oscail tú mo chluasa.Uileloscadh ná íobairt pheaca níor theastaigh uait;  [40:8] ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé!I rolla an leabhair tá sé scríofa fúm  [40:9] go ndéanfainn do thoilse.A Dhia, is áil liom do dhlíi ndiamhair mo chroí.”  [40:10] Rinne mé d’fhíréantacht a fhógairtsa chomhdháil mhór.Cosc níor chuir mé le mo bhéalmar is eol duit, a Thiarna. 10  [40:11] Níor fholaigh mé d’fhíréantacht i mo chroíach d’fhógair mé do chabhair dhílis;níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinnear an gcomhdháil mhór. 11  [40:12] A Thiarna, ná coinnigh do thruamhéiluaim go brách.Go ndéana do bhuanghrá agus d’fhírinnemo chaomhnú choíche. 12  [40:13] Tá mórán olc i mo thimpeall,oilc gan áireamh.Tá mé chomh mór sin i ngreim ag mo chiontanach bhfeicim dada;ní lia ribí mo chinn ná iadagus teipeann mo mhisneach orm. 13  [40:14] Go mba toil leat, a Thiarna, mé a fhuascailt;brostaigh, a Thiarna, agus cabhraigh liom. 14  [40:15] Go raibh náire agus ceann faoi ar gach aon neachar a bhfuil fonn mo mharaithe;go gcuirtear ar gcúl faoi náirea bhfuil ag dréim le mo mhilleadh. 15  [40:16] Go ndalltar le náire an dronga deir liom: “Há! há!” 16  [40:17] Go ndéana a mbíonn ar do lorgríméad agus gairdeas ionat.Go ndeire an dream lenarb áil do chúnamh:“Moladh leis an Tiarna!” 17  [40:18] Cé gur dealbh agus gur dearóil misedéanann an Tiarna cúram díom.Is tú mo chabhair agus m’fhuascailteoir;ná moilligh, a Dhia liom.

Fonótaí