Salm 64:1-10

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. 64  [64:2] Éist le mo ghlor is mé ag gearán, a Dhia;cosain mo bheo ar eagla an namhad.  [64:3] Folaigh mé ar lucht an oilc agus a scéimeanna,ar an ngramaisc seo de lucht na hurchóide.  [64:4] Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar chlaíomhagus scaoileann a mbriathra nimhe amhail saigheada;  [64:5] scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan,’s iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla.  [64:6] Beartaíonn siad a ndrochbhearta go diongbháilte’s iad i gcogar le chéile go folaitheach,á rá lena chéile: “Cé a fheicfidh sinn:  [64:7] cé a fhéadfaidh ár gcionta a thóraíocht?”Ach an té sin a thóraíonn an aigne,arb eol dó rúndiamhra an chroí –  [64:8] scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann,agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.  [64:9] A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh,agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu.  [64:10] Beidh eagla ar gach aon neach an uair sin,inseoidh siad a bhfuil déanta ag Dia,agus tuigfidh siad gníomhartha Dé. 10  [64:11] Gairdeoidh an fíréan sa Tiarna,rachaidh sé ag triall air faoi dhóchasagus beidh lucht an chroí chneasta ag déanamh mórtais.

Fonótaí