Seanfhocail 11:1-31
11 Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach,ach is gean leis an meáchan cóir.
2 Tagann an t-uabhar ar dtús, ansin an náire;tá an eagna ar fáil i measc na n-uiríseal.
3 Déanann a n-ionracas na hionraice a stiúradh,ach scriosann a bhfeall na feallairí.
4 Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge,ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.
5 Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach,ach baineann a urchóid féin an t-urchóideach dá bhonna.
6 Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt,ach cuireann a n-ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle.
7 Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin,ach téann muinín lucht na haindiagachta amú.
8 Saortar an fíréan ón tubaiste,ach titeann sí ar an urchóideach ina ionad.
9 Scriosann an t-aindiaga a chomharsa lena theanga,ach saortar na fíréin le barr eolais.
10 Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair;nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas.
11 Tógtar cathair trí bheannachtaí na bhfíréan,ach scartáiltear í trí bhéal na n-urchóideach.
12 Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa;fanann an duine tuisceanach ina thost.
13 Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheiltach coimeádann an duine iontaofa rúin.
14 Teipeann pobal cheal treorach;ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí.
15 An té a théann i mbannaí ar strainséir, beidh thiar air;an té ar fuath leis dul i mbannaí, tá sé ar láimh shábháilte.
16 Tuilleann bean ghrástúil onóir [dá fear];[níl sa bhean gan meas ar an gcóir ach easonóir faoi réim].
17 Fónann an fial dó féin;ach goineann an duine cruálach é féin.
18 Saothraíonn an t-urchóideach beatha bhaoth;an té a shíolann an fhíréantacht beidh fómhar teann aige.
19 An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige;níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide.
20 Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí;is geal leis an mhuintir nach cam cosán.
21 Déan deimhin de, ní rachaidh an t-urchóideach as gan phionós;ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.
22 Is cuma nó fáinne óir i bpus muice,bean bhreá gan stuaim.
23 Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan;téann dóchas na n-urchóideach amú.
24 Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin;bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.
25 Éireoidh an fial saibhir;an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch.
26 Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t-arbhar i dtaisce;ach beannacht ar an té a dhíolann é.
27 An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar;ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo.
28 An té a bhfuil a mhuinín ina mhaoin, feofaidh sé;ach beidh an fíréan faoi bhláth mar an duilliúr glas.
29 An té a bhuaireann a theaghlach, beidh an ghaoth aige mar oidhreacht;beidh an baoth mar dhaor ag an eagnaí.
30 Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan;ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am].
31 Má fhaigheann an fíréan an luach saothair is dual dó ar talamh,nach mó ná sin a gheobhaidh an t-urchóideach agus an peacach!