CEACHT 12
Fuair Iacób an Oidhreacht
Bhí Íosác 40 bliain d’aois nuair a phós sé Ribeacá. Bhí sé an-mhór léi. In am tráth, rugadh cúpla dóibh—beirt mhac.
Ba é Éasau an duine ba shine, agus ba é Iacób an duine ab óige. B’fhearr le hÉasau a bheith amuigh faoin aer, agus bhí sé go maith ag fiach. Ach b’fhearr le hIacób a bheith sa mbaile.
San am sin, ba é an mac ba shine a gheobhadh an chuid is mó den talamh agus den airgead nuair a gheobhadh a athair bás. Oidhreacht a thugtar ar seo. Bhí na gealltanais a thug Iehova d’Abrahám mar chuid den oidhreacht a fuair Íosác. Ní raibh mórán measa ag Éasau, an mac ba shine a bhí ag Íosác, ar na gealltanais sin, ach thuig Iacób go raibh siad an-tábhachtach.
Lá amháin tháinig Éasau abhaile tuirseach traochta, tar éis lá fada ag fiach. Fuair sé boladh an bhia a bhí Iacób a réiteach, agus dúirt sé: ‘Tá mé stiúgtha leis an ocras! Tabhair dom cuid den strúisín rua sin!’ Dúirt Iacób: ‘Tabharfaidh, ach geall dom ar dtús gur féidir liom d’oidhreacht a bheith agam.’ Dúirt Éasau: ‘Is cuma liom faoi m’oidhreacht! Féadfaidh sí a bheith agat. Níl uaim ach mo bhéile.’ Meas tú an ndearna Éasau an rud ceart? Ní dhearna. Thug Éasau uaidh rud a bhí an-luachmhar, ar bhabhla strúisín.
Nuair a bhí Íosác an-sean, tháinig an t-am lena bheannacht a thabhairt don mhac ba
shine. Ach chabhraigh Ribeacá leis an mac ab óige, Iacób, an bheannacht sin a fháil. Nuair a fuair Éasau amach faoi, bhí sé ar buile agus bhí sé de rún aige a leathchúpla a mharú. Bhí Íosác agus Ribeacá ag iarraidh Iacób a choinneáil slán agus dúirt siad leis: ‘Téigh agus fan le deartháir do mháthar, Lábán, nó go n-imeoidh an t-olc d’Éasau.’ D’éist Iacób lena thuismitheoirí agus as go brách leis.“Óir cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal? Óir cad a d’fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?”—Marcas 8:36, 37