Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 19

An Fíor-Chríostaithe iad Finnéithe Iehova?

An Fíor-Chríostaithe iad Finnéithe Iehova?

Creideann Finnéithe Iehova gur fíor-Chríostaithe iad. Cén fáth? Smaoinigh ar bhunchloch ár gcreidimh, an t-ainm atá luaite linn, agus an grá atá againn dá chéile.

1. Céard air a bhunaíonn Finnéithe Iehova a gcreideamh?

Dúirt Íosa: “Is fírinne do bhriathar.” (Eoin 17:17) Bhunaigh Finnéithe Iehova a gcreideamh i gcónaí ar Bhriathar Dé, díreach mar a rinne Íosa. Smaoinigh ar stair Fhinnéithe Iehova. I ndeireadh an naoú haois déag, thosaigh grúpa de mhic léinn an Bhíobla ag scrúdú an Bhíobla go cúramach. Bhunaigh siad a gcreideamh ar an mBíobla, fiú nuair nár tháinig sé le teagasc na heaglaise. Thosaigh siad ag insint do dhaoine eile faoi fhírinní an Bhíobla. a

2. Cén fáth a dtugann muid Finnéithe Iehova orainn féin?

Tagraíonn Iehova dá lucht adhartha mar a fhinnéithe de bhrí go bhfoilsíonn siad an fhírinne faoi. (Eabhraigh 11:4–12:1) Mar shampla, sa tseanaimsir, dúirt Dia lena phobal: “Is sibhse mo chuidse finnéithe.” (Léigh Íseáia 43:10.) Tugtar “an finné dílis” ar Íosa. (Apacailipsis 1:5) Mar sin, i 1931 thóg muid an t-ainm Finnéithe Iehova. Tá muid bródúil go bhfuil an t-ainm sin luaite linn.

3. Cén chaoi a ndéanann Finnéithe Iehova aithris ar ghrá Íosa?

Bhí an cion céanna ag Íosa ar a dheisceabail agus a bhí aige ar a theaghlach féin. (Léigh Marcas 3:35.) Mar an gcéanna, is teaghlach aontaithe domhanda iad Finnéithe Iehova. Sin í an chúis a dtugann muid deartháir agus deirfiúr ar a chéile. (1 Peadar 3:8) Comhlíonann muid an t-ordú: “bíodh grá agaibh don bhráithreacht.” (1 Peadar 2:17) Léiríonn Finnéithe Iehova an grá seo ar go leor bealaí, mar shampla trí chabhrú lenár gcomhChríostaithe in am an ghátair.

DÉAN TAIGHDE

Caith súil ar stair Fhinnéithe Iehova. Féach ar bhreis fianaise a thugann le fios gur fíor-Chríostaithe muid.

Bunaíonn fíor-Chríostaithe a gcreideamh ar an mBíobla agus insíonn siad do dhaoine faoi

4. Bunaíonn muid ár gcreideamh ar an mBíobla

Thuar Iehova go n-éireodh ár dtuiscint ar an mBíobla níos soiléire. Léigh Dainéil 12:4, ansin pléigh an cheist seo:

  • Cén chaoi a “méadóidh ar an eolas” i measc pobal Dé agus iad ag leanúint orthu ag scrúdú an Bhíobla?

Breathnaigh ar an mbealach a ndearna grúpa de mhic léinn an Bhíobla, lena n-áirítear Charles Russell, staidéar ar Bhriathar Dé. Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.

  • Cén chaoi a ndearna Charles Russell agus a chairde staidéar ar an mBíobla?

An raibh a fhios agat?

Ceartaíonn muid ár dtuiscint ar theagasca an Bhíobla. Díreach mar a shoilsíonn an ghrian an tírdhreach de réir a chéile, tugann Dia tuiscint dúinn ar a Bhriathar de réir a chéile. (Léigh Seanfhocail 4:18.) Ní athraíonn an Bíobla, ach de réir a chéile faigheann muid tuiscint níos cruinne air.

5. Léiríonn muid meas ar ár n-ainm

Cén fáth ar thóg muid an t-ainm Finnéithe Iehova? Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.

  • Cén fáth a bhfuil an t-ainm Finnéithe Iehova oiriúnach dúinn?

Cén fáth ar roghnaigh Iehova daoine le bheith mar fhinnéithe aige? Insíodh go leor bréaga faoi, agus bhí sé ag iarraidh go mbeadh a fhios ag daoine gurb é an Fíor-Dhia é. Smaoinigh ar phéire de na bréaga sin.

Múineann reiligiúin áirithe gur mian le Dia go n-úsáidfidís íomhánna ina n-adhradh. Léigh Léivític 26:1, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Céard is fírinne ann? Cén chaoi a mothaíonn Iehova faoi íoladhradh?

Múineann roinnt ceannairí reiligiúnacha gurb é Íosa Dia. Léigh Eoin 20:17, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Céard is fírinne ann? Arbh ionann Íosa agus Dia?

  • Cén chaoi a mothaíonn tú faoin gcaoi ar úsáid Iehova a chuid finnéithe chun an fhírinne faoi féin agus faoina Mhac a insint dúinn?

6. Tá grá againn dá chéile

Déanann an Bíobla comparáid idir Críostaithe agus baill cholainne an duine. Léigh 1 Corantaigh 12:25, 26, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Céard ar cheart do fíor-Chríostaithe a dhéanamh nuair atá Críostaithe eile ag fulaingt?

  • Ar thug tú faoi deara an grá atá idir Finnéithe Iehova?

Nuair a bhíonn Finnéithe Iehova ag fulaingt i gcuid amháin den domhan tagann Finnéithe as áiteanna eile i gcabhair orthu. Chun sampla amháin a fheiscint, seinn an FÍSEÁN. Ansin pléigh an cheist a leanann.

  • Cén chaoi a léiríonn iarrachtaí fóirithinte Fhinnéithe Iehova a ngrá?

Taispeánann fíor-Chríostaithe grá dóibh siúd a bhíonn i gcruachás

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl i bhFinnéithe Iehova ach reiligiún nua.”

  • Cén uair ar thug Iehova ‘finnéithe’ ar a lucht adhartha?

ACHOIMRE

Is fíor-Chríostaithe iad Finnéithe Iehova. Is teaghlach domhanda de lucht adhartha muid a bhunaíonn ár gcreideamh ar an mBíobla agus a scaipeann an fhírinne faoi Iehova.

Súil Siar

  • Cén fáth ar thóg muid an t-ainm Finnéithe Iehova?

  • Cén chaoi a gcaitheann muid lena chéile?

  • An gceapann tú gur fíor-Chríostaithe iad Finnéithe Iehova?

Sprioc

FIOSRAIGH

Féach sampla den chaoi ar thug Finnéithe Iehova teagasca bréagacha chun solais.

God’s People Glorify His Name (7:08)

Faigh freagraí ar cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat faoi Fhinnéithe Iehova.

“Frequently Asked Questions About Jehovah’s Witnesses” (leathanach gréasáin)

Ghlac Stephen páirt i gcoireanna fuatha. Faigh amach faoin gcaoi ar spreag Finnéithe Iehova é chun athruithe a dhéanamh.

“My Life Was Going From Bad to Worse” (The Watchtower, 1 Iúil, 2015)

a Tá fírinne an Bhíobla á foilsiú ag An Túr Faire ó 1879 i leith.