Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 7

Fuasclaíonn Dia Sliocht Iosrael

Fuasclaíonn Dia Sliocht Iosrael

Cuireann Iehova plánna ar an Éigipt. Treoraíonn Maois sliocht Iosrael amach as an Éigipt. Tugann Dia an Dlí d’Iosrael trí Mhaois

CHAITH sliocht Iosrael blianta fada san Éigipt faoi rath agus ag dul i líonmhaire. Ach ansin tháinig Faró nua i réim. Ní raibh aon aithne ag an rialtóir seo ar Iósaef. Tíoránach fíochmhar a bhí ann. Chuir an méadú a bhí ag teacht ar líon na nIosraeilíteach faitíos air. Rinne sé sclábhaithe díobh agus d’ordaigh sé gach fireannach nuabheirthe dá gcuid a bhá in Abhainn na Níle. Chuir máthair chróga amháin a naíonán mic i bhfolach i gcléibhín i measc na ngiolcach lena chosaint. Fuair iníon Fharó an naíonán, thug sí Maois mar ainm air, agus thóg sí é i measc teaghlach ríoga na hÉigipte.

Nuair a bhí Maois 40 bliain d’aois, tharraing sé trioblóid ar féin agus é ag cosaint sclábhaí Iosraeilíteach ar mhaor Éigipteach. Theith Maois go dtí tír i bhfad i gcéin, áit ar mhair sé mar dheoraí. Nuair a bhí Maois 80 bliain d’aois, chuir Iehova ar ais chun na hÉigipte é le dul os comhair Fharó chun éileamh air pobal Dé a scaoileadh saor.

Dhiúltaigh Faró. Dá bhrí sin, chuir Dia deich bplá ar an Éigipt. Gach uair a théadh Maois os comhair Fharó chun deis a thabhairt dó an chéad phlá eile a sheachaint, thugadh Faró a dhúshlán, ag léiriú dímheasa ar Mhaois agus ar a Dhia, Iehova. Faoi dheireadh, mar thoradh ar an deichiú plá, maraíodh gach céadghin sa tír—ach amháin i dteaghlaigh a bhí umhal do Iehova agus a chuir fuil an uain íobartha ar a gcuid ursaineacha. Níor mharaigh aingeal Dé an chéadghin sna teaghlaigh sin. As sin amach, rinne na hIosraeilítigh comóradh bliantúil ar an tarrtháil mhíorúilteach seo. Cáisc na nGiúdach a thugtar ar an gceiliúradh sin.

Nuair a chaill Faró a chéadghin mic féin, d’ordaigh sé do Mhaois agus do na hIosraeilítigh ar fad an Éigipt a fhágáil. D’eagraigh siad iad féin láithreach leis an tír a thréigean. Ach d’athraigh Faró a intinn. Lean sé iad le slua mór fear cogaidh agus carbaid. Bhí an chuma air go raibh na hIosraeilítigh sáinnithe ar chladach na Mara Rua. Scar Iehova an Mhuir Rua, rud a chuir ar chumas na nIosraeilíteach siúl tríd ar ghrinneall tirim idir na ballaí uisce a bhí ar an dá thaobh! Nuair a thug na hÉigiptigh ruathar ina ndiaidh, scaoil Dia na ballaí uisce ina thuile anuas orthu ag bá Faró agus a arm.

Níos déanaí, agus iad campáilte le hais Shliabh Shíonái, rinne Iehova conradh leis na hIosraeilítigh. Le Maois mar idirghabhálaí, thug Dia dlíthe d’Iosrael a thabharfadh treoir agus cosaint dóibh i mbeagnach gach gné dá saol. An fhad is a ghlac Iosrael go dílis le riail Dé, bheadh Iehova leo agus ba bheannacht a bheadh sa náisiún sin do chách.

Ach níor léirigh formhór na nIosraeilíteach muinín i nDia. Dá bhrí sin, chuir Iehova an ghlúin sin ar seachrán sa bhfásach ar feadh 40 bliain. Ansin, cheap Maois an fear ionraic Iósua le teacht i gcomharbacht air. Faoi dheireadh, bhí Iosrael réidh le dul isteach sa tír a gheall Dia d’Abrahám.

—Bunaithe ar Eaxodus; Léivític; Uimhreacha; Deotranaimí; Salm 136:10-15; Gníomhartha 7:17-36.