Céard í Ríocht Dé?
Freagraíonn an Bíobla
Is rialtas í Ríocht Dé atá bunaithe ag Dia. Tugann an Bíobla “ríocht na bhflaitheas” ar “ríocht Dé” freisin mar gheall go rialaíonn sí ó na flaithis. (Marcas 1:14, 15; Matha 4:17) Tá go leor de na tréithe céanna aici is atá ag rialtais dhaonna, ach tá sí níos fearr ná iad ar chuile bhealach.
Rialtóirí. Tá Íosa Críost tofa ag Dia le bheith ina Rí ar an Ríocht agus tá níos mó údaráis tugtha aige dó ná a d’fhéadfadh a bheith ag aon rialtóir daonna choíche. (Matha 28:18) Úsáideann Íosa a chumhacht i gcónaí chun an mhaith a dhéanamh, agus tá sé cruthaithe cheana féin aige go bhfuil sé truachroíoch agus gur féidir brath air mar Cheannaire. (Matha 4:23; Marcas 1:40, 41; 6:31-34; Lúcás 7:11-17) Faoi threoir Dé, roghnaigh Íosa daoine as gach náisiún le bheith in éineacht leis sna flaithis ag rialú na talún.—Apacailipsis 3:21; 5:9.
Achar. Ní fearacht rialtais dhaonna é, a thagann agus a imíonn, is rialtas í Ríocht Dé “nach scriosfar choíche.”—Dainéil 2:44.
Géillsinigh. Is féidir le haon duine a dhéanann toil Dé, is cuma cé as é ná cár rugadh é, a bheith ina ghéillsineach ag Ríocht Dé.—Gníomhartha 10:34, 35.
Dlíthe. Déanann dlíthe Ríocht Dé níos mó ná bac a chur ar dhrochiompar. Cuireann siad feabhas ar charachtar morálta a géillsinigh. Mar shampla, deir an Bíobla: “‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán’—is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne. Agus is cosúil léise an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’” (Matha 22:37-39) Mar gheall go bhfuil grá ag géillsinigh na Ríochta do Dhia agus dá gcomharsana, spreagann sé iad chun an mhaith a dhéanamh do dhaoine eile.
Oideachas. Ní hé amháin go leagann Ríocht Dé síos caighdeáin arda dá géillsinigh, ach múineann sí dóibh freisin leis na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm.—Íseáia 48:17, 18.
Cuspóir. Ní chuireann Ríocht Dé le saibhreas a cuid rialtóirí trí leatrom a imirt ar a cuid géillsinigh. Ina ionad sin, comhlíonfaidh sí gealltanais Dé. Ina measc tá an gealltanas go mairfidh gach a bhfuil grá acu do Dhia go deo sa bparthas ar talamh.—Íseáia 35:1, 5, 6; Matha 6:10; Apacailipsis 21:1-4.